App Description

*** Bí ag foghlaim agus ag spraoi leis an mBéar Bán Claude! ***

Sé Claude an Béar Bán, réalt an chláir 'Ag Spraoi le Claude' a chruthaigh ZDF agus atá le feiceáil ar Cúla4 as Gaeilge. Ós rud é go bhfuil sé díreach théis bogadh ón Mhol Thuaidh go dtí cathair nua gréine, tá fonn air go leor a fhoghlaim! Tá gach rud nua dhó! Tá rud éigin i gcónaí le fáil amach, fiú na béir atá ina thimpeall - tá cuma éagsúil orthu. Ach le cúnamh a chomharsa agus a dhlúth chara, Brian, éiríonn le Claude aithne a chur ar a bhaile nua.

Cuideoidh Brian freisin le do pháiste a bhealach a fháil thart ar dhomhan Claude. Tá cúig chluiche oideachasúil san App seo, le leaganacha éagsúla agus leibhéil éascaíochta. Tá sé furast le húsáid agus oiriúnachdo pháistí réamhscoile.

Le App Claude, tá deis spraoi ag do pháiste. Tá cúig chluiche éagsúil san App seo, le leibhéil éagsúla éascaíochta. Tá Brian i gcónaí ar fáil le cuidiú má tá treoir ag teastáil. Tugann sé misneach don pháiste freisin triail a bhaint as!

Tá an app seo furasta a leanúint, spraoíuil agus léirithe ar ard-chaighdeán. Nuair atá an chéad réimse cluichí ar thoil ag an bpáiste, is féidir cur leis trí ábhar nó cluichí breise a cheannach - tá an réimse atá ar fáil ag síor-fhorbairt. Tá na cluichí seo a leanas mar chuid den bhun leagan den App:

- Aimsigh
- Cluiche Cuimhne
- Míreanna Mearaí
- Cluiche Ceoil
- Cluiche Péinteála

App Screen Shots

(click to enlarge)

App Changes

November 20, 2012 Initial Release

Other Apps From zuuka! GmbH